Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Fostaíochta Tionscail.

Dinny McGinley

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén líon fostaíochta a cuireadh ar fáil i ngach Gaeltacht le trí bliana anuas agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10837/98]

Glacaim leis gurb í an fhostaíocht lánaimseartha a cruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta atá i gceist go príomha ag an Teachta. Cuirfear an t-eolas sin ar fáil i dtábla sa Tuairisc Oifigiúil.

Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Údarás maidir le fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta. Mar shampla, i 1997 shrois iomlán na fostaíochta lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ón Údarás an bhuaicphointe is airde riamh de 7,854 phost. Chomh maith leis sin shrois an fhostaíocht pháirtaimseartha agus shéasúrach an bhuaichphointe is mó riamh, is é sin, 4,110 post, sa bhliain chéanna.

Tá glanghnóthachán iomlán fostaíochta lánaimseartha de bhreis agus 40 faoin gcéad bainte amach ag an Údarás i dtionscail faoina scáth sa Ghaeltacht le seacht mbliana anuas agus tá móriomlán na bhfigiúirí do phoist pháirtaimseartha agus shéasúracha méadaithe faoi dhó ó 1990 i leith.

Is dul chun cinn suntasach é sin agus tréaslaim a saothar leis an Údarás.

Postanna lánaimseartha a chruthaíodh i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta sna blianta 1995-1997.

Contae

1965

1996

1997

Dún na nGall

472

304

294

Maigh Eo

92

140

81

Gaillimh

384

624

505

An Mhí

39

20

22

Ciarraí

170

110

93

Corcaigh

80

65

67

Port Láirge

14

22

11

1,251

1,285

1,073

Barr
Roinn