Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Written Answers. - Oilean Inis Bigil.

Michael D. Higgins

Ceist:

77 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil cinneadh tógtha aici i leith áiseanna taistil a chur ar fáil do mhuintir Inis Bigil. [10854/98]

Táim ar an eolas faoi chinneadh Chomhairle Chontae Mhaigh Eo cead pleanála a thabhairt chun carr-chábla a thógáil idir Inis Bigil agus Acaill. Mar atá ráite agam cheana sa Teach seo, thug mé cuairt ar Inis Bigil ar 29 Deireadh Fómhair 1997 agus phléigh mé na deacrachtaí a bhaineann le bealach sábháilte go dtí an mórthír agus ar ais le pobal an oileáin. Tuigim go bhfuil formhór na n-oileánach i bhfábhar carr-chábla mar leigheas ar na fadhbanna seo.

Tá mo Roinnse ag súil le h-iarratas nua ar chúnamh i leith an tionscnaimh seo le costais athbhreithnithe bunaithe ar chinneadh Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus na coinníollacha a ghabh leis. Ach an t-iarratas sin a bheith faighte déanfar é a mheas, agus déanfar cinneadh ina leith chomh luath agus is féidir.
Barr
Roinn