Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Other Questions. - Island Telecommunications Access.

Seymour Crawford

Ceist:

11 D'fhiafraigh Mr. Crawford den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta aici ag éirí as Ceist Pharlaiminteach Uimhir 16 ar an 5 Feabhra 1998 maidir leis na hOileáin, ar bhuail sí leis an Roinn Fiontar Poiblí agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14505/98]

Rinneadh plé ar an gceist seo ag cruinnithe den Choiste Idir-Ranna do na hOileáin, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Tá ionadaithe ón Roinn Fiontar Poiblí agus ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an gCoiste sin. Tá iarrtha agam ar an Roinn Fiontar Poiblí agus ar Ranna eile, tríd an gCoiste Idir-Ranna, aird ar leith a thabhairt ar riachtanais na nOileán agus iad ag ullmhú tosaíochtaí do na Cistí Struchtúrtha don tréimhse 2000-2006. Mar atá ráite agam cheana, tuigim an tábhacht a bhaineann le teicneolaíocht nua-aoiseach agus cabhróidh mé le pobal na nOileán ar aon bhealach gur féidir liom ionas go mbeidh siad ábalta níos mó úsáide a bhaint as an teicneolaíocht agus an teileachumarsáid nua-aimseartha.

Mr. Carey

Thug bainistíocht Telecom Éireann le fios dúinn go raibh suim acu scéim teicneolaiochta piolóideach á chur ar fáil do na hOileáin Árainn i gcomhluadar leis an gcomhlacht speisialta a bhi bunaithe ag Údarás na Gaeltachta. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an chomhlacht sin nó an raibh an coiste idir-ranna ag caint leis na daoine san Údarásmaidir leis seo?

Ar ndóigh, an dream a dheineann caint ar son an choiste idir-Ranna ná feidhmeannaigh mo Roinne féin agus sin athrú mór. Caithfidh mé a rá nach bhfuil an t-eolas beacht agam ar an cheist a chuir an Teachta Carey orm. Níor iarr Údarás na Gaeltachta aon chúnamh ar an Roinn nó ar an choiste idir-Ranna i dtaobh na ceiste seo agus go bhfios domsa níor iarr Telecom Éireann ach oiread. Ach cuirfidh mé an tuairisc maidir le cén dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an togra sin go dtí an Teachta chomh luath agus is féidir.

Bhí comórtas le déanaí ag Telecom Éireann faoi na bailte móra ar fud na tíre — Information Age Town. Tá a lán cainte ag dul thart faoi córas teicneolaíochta nua-aoise. Tuige nach bpiocann tú mar Aire Stáit oileán agus scéim píolóideach a chur ar bun faoi Information Age Island leis an Údarás nó le heagras Stáit ar bith eile ar nós Telecom agus na Ranna Stáit. Tá Cathaoirleach an Údaráis, an priomh-fheidhmeannach, an Roinn Oideachais agus muid go léir ag caint faoi buntáistí an chórais teicneolaíochta nua-aoise agus faoi na buntáistí a bheadh ann do mhuintir na n-oileán. An nglacfá leis an moladh sin?

Cinnte, tá spéis agam sa mhéid atá ráite ag an Teachta. Mar is eol duit cheana féin tá nua-theicneolaíocht á úsáid i nGairmscoil Éanna in Inis Mór agus is féidir ranganna a chur ar fáil ón mórthir go dtí an t-oileán trí ISDN. Chuir Telecom Éireann in iúl dom go bhfuil sé i gceist acu na seirbhísí ISDN go dtí na hoileáin a leathnú amach. Fáiltim roimhe sin. Cinnte dearfach go mór-mhór i gcomhthéacs an oideachais tá féidireachtaí móra ag baint le ISDN agus le córas fíor-nua teicneólaíochta chun réimse leathan ábhar a chur ar fáil sna méanscoileanna go mór-mhór ar na hoileáin. Trí mheánscoil atá i gceist — Gairmscoil Éanna, Coláiste Gobnatan in Inis Oírr agus an gairmscoil in Árann Mór. Bheadh súil agam go mbainfear úsáid as nua-theicneolaíocht le tuilleadh seirbhisí a chur ar fáil. Is dócha gurb é Leigheas agus Oideachas an dá rud a thagann chun cuimhne ón taobh sin de. Caithfidh mé a rá ag an am céanna go raibh mé ag díriú m'áird go mór ar fhadhbanna teicneólaiochta nach ard-teicneólaíocht iad ó thaobh fáil isteach sna hoileáin. Mar is eol don Teachta tá oileáin airithe i gContae Mhaigheo go mór i gceist ansin go bhfuilimid ag iarraidh dul ó aois na gcurrachaí go dti rud níos nua-aimsirí i láthair na huaire. Beidh na rudaí seo ar fad á dtógaint san áireamh san obair atá ar bun ag an Roinn.

Beidh suim ag an Teachta Crawford sa rud seo.

Barr
Roinn