Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Páirceanna Náisiúnta.

Phil Hogan

Ceist:

23 D'fhiafraigh Mr. Hogan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a chuirfear tús leis an obair ar an bpáirc náisiúnta i gceantar Néifinn Bheag agus Bhaile Chruaich, Contae Mhaigh Eo, agus an inseoidh sí don Dáil cén fáth gur aistríodh £2 milliún ón togra seo go dtí áit eile; an bhfuil sí in ann a rá an mbeidh an t-airgead a bheidh ag teastáil le fáil sa chéad chaiteachas Eorpach eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14494/98]

Faoi mar a mhínigh mé i bhfreagraí éagsúla roimh seo agus go háirithe sa bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh: 236-238 ar an 28 Aibreán 1998 tarraingíodh siar an tsuim £2 milliún a cuireadh ar fáil faoin gClár Feidhme Turasóireachta 1994-1999 chun Ionad Cuairteora a thógáil don Pháirc Náisiúnta atá beartaithe do cheantar Neipheann Bheag/ Owenduff in Iar-Thuaisceart Mhaigh Eo nuair ba léir — tar éis athbhreithniú a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 1997 ar an gClár — nach bhféadfaí an foirgneamh a thógáil roimh dheireadh na bliana 1999 amhail mar atá riachtanach chun airgead a fháil ó na Cistí Struchtúrtha (ERDF). Tá gealltanas tugtha agam, áfach go cuirfear an togra seo san áireamh mar chuid diarratas mo Roinne ar chúnamh ó na Cistí Struchtúrtha don tréimhse 2000-2006.

Maidir leis an bPáirc Náisiúnta nua a aimniú go hoifigiúil tá súil agam go mbeidh mé in ann an fógra seo a eisiúint go luath.

Barr
Roinn