Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Curaclam Scoile.

Gay Mitchell

Ceist:

28 D'fhiafraigh Mr. G. Mitchell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na cruinnithe a bhí aici leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go dtí seo ó thaobh athrú sa churaclam scoile chun níos mó béime a chur ar chúrsaí cultúrtha agus ealaíne mar atá luaite sa chlár rialtais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14520/98]

Bernard Allen

Ceist:

57 D'fhiafraigh Mr. Allen den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ós rud é gur gealladh go mbeadh athrú sa churaclam scoile ó thaobh béime cultúrtha agus ealaíne de agus go raibh an gheallúint sin faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, cathain a bhuail sí leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun a moltaí féin a nochtadh agus an inseoidh sí cén toradh a tháinig as go dtí seo. [14504/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 28 agus Uimh. 57 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 33 den 27 Samhain 1997. Ar ndóigh, bíonn oifigigh mo Roinne-se i dteagmháil le hoifigigh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar bhonn rialta agus leanfar leis an teagmháil sin.

Barr
Roinn