Nora Owen
Ceist:55 D'fhiafraigh Mrs. Owen den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte i scéim na dtithe nua sa Ghaeltacht i leith deontas a íoc ag éirí as Gaeilge a bheith á labhairt; agus an bhfuil a fhios aici go mbíonn cuid de chigirí na Roinne Comhshaoil ag déileáil leis seo agus gan Gaeilge ar bith acu. [14489/98]