Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Institiúidí Cultúrtha.

Ulick Burke

Ceist:

71 D'fhiafraigh Mr. U. Burke den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén méid airgid atá ag na hInstitiúidí Cultúrtha i mbliana chun earraí ealaíne áirithe a cheannach agus i leith deisiúcháin agus an léireoidh sí céard é polasaí na Roinne ina thaobh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14509/98]

Seo a leanas meastachan ar na sonraí airgeadais atá á lorg ag an Teachta:

Eagraíocht

Soláthar ceannacháin

Soláthar caomhnaithe

£

£

Ard-Mhúsaem na hÉireann

171,000

145,000

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

225,000

135,000

An Chartlann Náisiúnta

5,000

8,500

Leabharlann Chester Beatty

Níl buiséad ar leith ann.

40,000

Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann

200,000 (caomhnú san áireamh)

Feic thall.

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

220,000

28,000

Ní miste a nótáil nach bhfuil tuarastail na foirne a bhíonn ag plé le hobair chaomhnaithe san áireamh sna figiúrí thuas.
Athraíonn na riachtanais i ndáil le ceannach agus caomhnú earraí ealaíne ó institiúd go hinstitiúd. I gcomhthéacs na Meastachán bliantúla, déanann gach institiúd ar leith cinneadh faoin méid a chuirtear ar leataobh óna chuid soláthar féin do cheannach agus do chaomhnú earraí ealaíne. Mar shampla, bunaíodh Rannán Caomhnaithe anuraidh don chéad uair riamh mar chuid d'Ard-Mhúsaem na hÉireann. Beidh sé de chúram ar an Rannán sin bailiúcháin an Mhúsaeim a chaomhnú oiread agus is féidir, i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil agus le méid an bhailiúcháin. Cuirtear obair áirithe speisialtóireachta amach ar conradh do lucht caomhnaithe san earnáil phríomháideach.
Barr
Roinn