Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

John V. Farrelly

Ceist:

78 D'fhiafraigh Mr. Farrelly den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén deontas reáchtála agus deontas caipitil a fuair gach comharchumann anuraidh agus i mbliana agus an ndéarfaidh sí an bhfuil cead ag Údarás na Gaeltachta cur leis na deontais seo gan cead an Aire a fháil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14490/98]

Dinny McGinley

Ceist:

127 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na Comharchumainn i nDún i nGall lena n-íocann a Roinn deontais bhainistíochta agus méid an deontais a íoctar le gach ceann acu. [14665/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 78 agus Uimh. 127 le chéile.

Aistríodh cúram mo Roinne i leith na gcomharchumann Gaeltachta go dtí Údarás na Gaeltachta le héifeacht ó 1 Eanáir 1997. Níl gá le cead an Aire don Údarás chun na deontais reachtála do na comharchumainn a mhéadú ach ní mór é a bheith d'achmainn ag an eagraíocht aon mhéadú a cheadaíonn sé a mhaoiniú. Anuas ar na deontais reachtála tig leis an Údarás deontais eile, deontais chaipitil san áireamh, a íoc le comharchumainn. Tuigim ón Údarás gurb iad seo a leanas na deontais a íocadh leis na comharchumainn i 1997:

Contae

Ainm an Chomharchumainn

Deontas reachtála a íocadh i 1997

Deontais eile a íocadh i 1997

Dún na nGall

Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

40,000

Comharchumann na Rosann Teo

10,000

Comhar Thoraí Teo

40,000

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo

22,500

Comharchumann Iascairí Ailt aChorráin Teo

41,360

Comharchumann Turasóireachta Árainn Mhór Teo

55,010

Maigh Eo

Comhar Bigil Teo

7,500

5,000

Comharchumann Iascairí Iarthar Mhaigh Eo Teo

20,000

Comhar Oisrí Ghob a Stór Teo

26,587

Comharchumann Forbartha Iarthar Mhaigh Eo Teo

8,650

Comharchumann Forbairt Oisrí Mhaigh Eo Thuaidh Teo

12,000

Comharchumann Dún Chaocháin Teo

3,125

Comharchumann Deirbhile Teo

3,125

Gaillimh

Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo

33,000

17,907

Comharchumann Inis Meáin Teo

40,000

9,069

Comharchumann Chonamara Thiar Teo

39,500

3,151

Comhar Caomhán Teo

40,000

54,000

Comharchumann Shailearna Teo

33,000

Comharchumann Forbartha Inis Mór Teo

40,000

Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo

753

Ciarraí

Comharchumann Forbartha an Leith Thrúigh Teo

4,800

Comharchumann Naomh Fhionáin Teo

19,000

Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo

33,000

Comharchumann Gliomaigh Chorcha Dhuibhne Teo

15,000

Corcaigh

Comharchumann Chléire Teo

40,000

Port Láirge

Meitheal Mara na Rinne Teo

3,784

An Mhí

Comharchumann Rath Cairn Teo

33,000

Barr
Roinn