Faoi mar is eol don Teachta d'fhógair mé cúnamh gur fiú beagnach £2m san iomlán le déanaí chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na n-oileán a chur chun cinn ar bhonn comhphairtíochta idir pobal na n-oileán, na hÚdaráis Áitiúla agus an Rialtas. Tiocfaidh £759,250 den tsuim sin ó na Comhairlí Contae agus cuirfear £1,130,100 ar fáil ó mo Roinnse as Ciste na Oileán.
Tá sonraí na ndeontas seo ar fáil i bhfoirm tablaí agus tá socraithe agam go gcuirfear ar fáil iad sa Tuairisc Oifigiúil.
Tá cúnamh ar fáil do na h-oileáin Ghaeltachta faoi "Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht" de chuid mo Roinnse chomh maith. Faoi na scéimeanna feabhsúcháin sin bíonn deontais chaipitil ar fáil chun muiroibreacha a chur ar fáil nó a fheabhsú agus chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus mar sin a chur ar fáil nó a fheabhsú.
Dun Na Gal