Deirann na Coimisinéirí Ioncaim liom nach bhfuil cúntas staitisticí ar fáil ar shlí go bhféadfaí eolas cruinn ar mhéid na gcáiníocóirí IMAT atá á lorg ag an dTeachta a sholáthar. Ní fhéadfaí an t-eolas sin d'fháil gan fiosruithe a dhéanamh a mbeadh costas thar na bearta ag baint leo.
I nDaonáireamh Náisiúnta na bliana 1996 bhí 9,280 duine cláraithe ar na h-oileáin.
Is cosúil gurb é an liúntas a bhfuil an Teachta ag tagairt dó ná ráiteas i gcáipéis polasaí Fhianna Fáil i leith na n-oileáin a rinne tairiscint i dtaobh liúntas cánach speisialta dóibh siúd a bhfuil ina gcónaí go buan ar na h-oileáin. Níl aon cinneadh déanta fós maidir leis an liúntas seo a chur i bhfeidhm ná lena méid, agus dá bhrí sin níltear i ndán costas a mheas i leith na tairiscinte.