Ni theastaíonn uaimse a bheith ag freagairt ceisteanna gur chóir a chur ar an Aire Oideachais. Ar ndóigh, is léir do dhuine ar bith, agus ní bheadh cúis ar bith le gaelscoileanna, muna mbeifeá ag súil go mbeadh Gaeilge níos feárr ag gasúir sna gaelscoileanna thar mar a bheadh ag gasúir i gcoitinne.
Is dóigh liomsa gurb é an ról atá agamsa mar Aire Stáit ná go mbaineann an Ghaeilge le níos mó ná na scoileanna agus go bhfuilimid ag iarraidh an obair atá á dhéanamh sna scoileanna ag múinteoirí agus ag na scoileanna i gcoitinne a shnaidhmiú leis an dul chun cinn atá thar ag iarraidh a chur ar aghaidh ó thaobh na Gaeilge de sa phobal i gcoitinne. Tagann an dá rud sin taobh le taobh. Mar shampla, tá's ag chuile dhuine agus tá's agatsa go minic go bhfuil an dearcadh ag gasúir scoile nach fiú dóibh Gaeilge a bheith acu mar nach mbaineann an Ghaeilge taobh amuigh den scoil.
Is é ról is mó atá agamsa mar Aire Stáit sa ghnó seo ná an cuid sin den teanga a bhaineann leis an saol taobh amuigh den scoil a chur ar aghaidh ach é a chur ar aghaidh i dteannta leis an Aire Oideachais le go mbeimis beirt ag brú sa treo céanna. Creidim má dhéanaimid ar an mbealach sin é go mbeidh tionchar nach beag ag an obair a bheidh á dhéanamh againn mar go dtuigfidh gasúir go mbaineann an Ghaeilge le níos mó ná díreach ábhar scoile.