Enda Kenny
Ceist:13 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí le Bord na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19679/98]
Vol. 495 No. 3
13 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí le Bord na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19679/98]
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 11 den 11 Márta. Mar a dúirt mé san fhreagra sin bhuail mé le Bord na Gaeilge cúpla uair chun plé a dhéanamh ar réimse leathan ábhar i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus páirt an bhoird san obair sin. Ar ndóigh, bíonn oifigigh mo Roinne i dteagmháil rialta leis an mbord.