Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 Nov 1998

Vol. 495 No. 7

Written Answers. - Iocaiochtaí Deóntais.

Enda Kenny

Ceist:

570 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán; an luafaidh sí gach deontas a fuair na heagrais áirithe Ghaeilge le trí bliana anuas agus cén scrúdú atá déanta ag a Roinn faoi fhiúntas na n-eagras seo i leith na scéime oibre atá luaite acu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20980/98]

Íocadh suimeanna mar a leanas as Ciste na Gaeilge (Fáltais an Chrannchuir Náisiúnta) leis na hEagrais Dheonacha Ghaeilge sna blianta 1996 agus 1997.

Eagraíocht

Deontas íoctha 1996

Deontas íoctha 1997

£

£

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

385,000

390,000

Conradh na Gaeilge

180,000

185,000

An tOireachtas

102,000

110,000

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

99,500

107,605

Taibhdhearc na Gaillimhe

87,906

90,000

Gael-Linn

470,000

495,000

Bord na Leabhar Gaeilge

312,000

325,000

Cumann na bhFiann

218,000

223,000

An Gael Acadamh

30,000

31,000

Comhaltas Ceoltoirí Éireann

190,000

195,000

Seo a leanas na suimeanna atá ceadaithe do na hEagrais sin don bhliain reatha:

£

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

475,000

Conradh na Gaeilge

215,000

An tOireachtas

125,000

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

118,000

Taibhdhearc na Gaillimhe

127,000

Gael-Linn

450,000

Bord na Leabhar Gaeilge

370,000

Cumann na bhFiann

235,000

An Gael Acadamh

35,000

Comhaltas Ceoltoirí Éireann

210,000

Rinne an Coimisiún a bhunaigh an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, an Teachta Michael D. Higgins, i 1996 iniúchadh ar éifeachtacht na n-eagras deonach Gaeilge mar chuid dá théarmaí tagartha agus tá moltaí na tuarascála sin á gcoimeád san áireamh sna cinnithe atá á ndéanamh maidir leis na deontais do na heagrais éagsúla. Is ar bhonn na gclár oibre bliantúla a chuireann siad ar fáil agus ar an mbonn go mbítear sásta lena gcumas chun iad a chur i gcrích a cheadaítear deontais bhliantúla do na heagrais i gceist ag mo Roinnse.
Barr
Roinn