Dinny McGinley
Ceist:283 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gceadófar deontas le haghaidh crann tochrais don chéibh ag Málainn Mhór i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [25668/98]
Vol. 497 No. 5
283 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gceadófar deontas le haghaidh crann tochrais don chéibh ag Málainn Mhór i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [25668/98]
Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse i leith chrann tochrais do Ché Mhalainn Mhóir, Contae Dhún na nGall. Ach iarratas a bheith faighte déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs iarratais eile atá faighte agus an tairgead atá ar fáil do mo Roinnse.
Ní mór dom a lua, áfach, gur ceadaíodh deontas £8,500 nó 50 faoin gcéad den chostas, cibé acu is lú, do Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar 24 Iúil 1996 mar chabhair chun oibreacha feabhsúcháin áirithe a chur i gcrích ag an gcé seo. Níl an deontas sin íochta fós toisc nach bhfuarathas éileamh ina leigh go fóill.
284 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna aici le fostaíocht a chruthú i gceantar Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [25669/98]
Ar ndóigh is ngó don Údarás go príomhá fostaíocht a chruthú sa nGaeltacht agus tá áthas orm go raibh ar mo chumas soláthar mór breise airgid a chur ar fáil don Údarás do 1999. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur tháinig méadú bliantúil ar an bhfostaíocht i gceantar Ghleann Cholm Cille le blianta beaga anuas i gcaoi is go raibh 58 nduine fostaithe go lánaimseartha agus 26 dhuine go páirtaimsearthaséasúrach ag deireadh 1997 i ngnóthais ann a fuair cúnamh ón Údarás.
Bíonn iarrachtai leanúnacha ar bhun ag an Údarás chun teacht ar thionscail nua agus chun cuidiú le forbairt a dhéanamh ar na tionscail atá lonnaithe sa cheantar cheana féin agus leanfar leis na hiarrachtaí sin.