Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 Feb 1999

Vol. 499 No. 3

Written Answers - TnaG sna Sé Chondae.

Enda Kenny

Ceist:

301 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán céard iad na limistéir taobh istigh de Thuaisceart Éireann a bhfuil deacrachtaí agus fadhbanna iontu maidir le teacht ar chomhartha TnaG; céard atá i gceist ag an stáisiún chun na deacrachtaí agus na fadhbanna sin a réiteach; agus cén uair a bheidh siad réitithe. [2844/99]

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 301 agus Ceist Uimh. 302 le chéile.

Faoi mar is eol don Teachta tá iarrachtaí ar bun le tamall de bhlianta chun teacht ar réiteach le húdaráis cuí na Breataine i dtaca le cumhacht an tarachuradóra ag Clermont Carn, Contae Lú, a mhéadú ar mhaithe leis an bhfáil ar RTÉ agus ar Theilifís na Gaeilge a fheabhsú i dTuaisceart na hÉireann. Go déanach anuraidh chuir trialacha ón tarachuradóir isteach ar an bhfáil ar sheirbhísí na Ríochta Aontaithe i Manainn. Tá iarrachtaí ar bun chun na deacrachtaí sin a réiteach agus táthar ag súil leis gur féidir teacht ar réiteach ar an gceist sin go luath.

Mar thoradh ar na méaduithe cumhachta ag Clermont Carn in éine acht leis an bhfáil atá ann cheana féin ó tharachuradóirí eile de chuid RTÉ, táthar ag súil leis go mbeidh teacht ag 70 faoin gcéad de phobal Thuaisceart na hÉireann ar RTÉ agus ar Theilifís na Gaeilge i gcomparáid le figiúr de thart ar 30 faoin gcéad nuair a thosaigh na hiarrachtaí seo.

Níl cúraimí feidhmiúla i dtaca le nithe a bhaineann le cúrsaí polasaí maidir le craolachán agus radaimhinicíocht a bhainistiú ag aon institiúid i dTuaisceart na hÉireann. Is ag udáráis atá lonnaithe i Londain atá na cúraimí feidhmiúla sin. Is é an Rúnaí Stáit don Chultúr, na Meáin agus Spóirt atá freagrach as polasaí craolacháin agus tá mo Roinnse i dteagmháil lena Roinnse faoin gceist. Táim sásta le leibhéal an chomhoibrithe atá á fháil ag mo Roinnse.

Barr
Roinn