Dinny McGinley
Ceist:149 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol í an dochar mór atá déanta do na ballaí cosanta ar Oileán Thoraí le linn an gheimhridh, go speisialta ag an Bhaile Thiar; agus an gcuirfidh sí deontas ar fáil le haghaidh oibreacha práinneacha cosanta a thógáil gan mhoill. [2857/99]