Dinny McGinley
Ceist:131 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sé háiseann iar-bhunoideachais ar bun do Oileán Thoraí. [9347/99]
Vol. 503 No. 1
131 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sé háiseann iar-bhunoideachais ar bun do Oileán Thoraí. [9347/99]
Fuarthas iarratas i mo Roinn o Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall maidir le áiseanna iar-bhunoideachais a chur ar fáil ar Oileán Thoraigh.
Tuigim go bhfuil sé ar intinn ag an gcoiste scoil iar-bhunoideachais agus áiseanna oideachais d'aosaithe a chur ar bun in Ionad Pobail Cholmcille ar an Oileán.
Tá an t-iarratas á phlé sa Rannóg Pleanála dem' Roinm faoi láthair. Chomh luath is atá gach gné den iarratas scrúdaithe, tabharfar breith sa chás agus cuirfear scéala dá réir chuig Coiste Ghairmoideachais Chontae Dhún na nGall.