Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Jun 1999

Vol. 506 No. 1

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Brian O'Shea

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó post a cruthaíodh le cúnamh Údarás na Gaeltachta ó thús na bliana; an mó a cailleadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [14654/99]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur uair sa bhliain, ag druidim i dtreo dheireadh na bliana a dhéantar suirbhé fostaíochta ar na tionscail a fuair cúnamh ón Údarás; agus nach bhfuil sé ar a gcumas mar sin an t-eolas atá á lorg ag an Teachta don bhliain reatha a chur ar fáil.

Mar is eol don Teachta bhí deacrachtaí i roinnt tionscal ó thús na bliana agus tá gach dícheall a dhéanamh ag an Údarás cur le líon na bpostanna trí phostanna a shabháil nó malairt tionscal a mhealladh go áiteacha a chaileann postanna chomh maith leis an gnáthfhorbairt tionscalaíochta a bhíonn ar bun an t-am ar fad.

Barr
Roinn