Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Jun 1999

Vol. 506 No. 1

Written Answers. - Ceadúnais Teilifíse.

Michael D. Higgins

Ceist:

20 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén fáth go bhfuil laghdú i meastacháin 1999 ar an íocaíocht le An Post maidir le táille ceadúnais craolacháin a bhailiú i gcomparáid le caiteachas sealadach 1998; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [14656/99]

Baineann an figiúr a ndéanann an Teachta tagairt dó leis an táille a íoctar leis An Post i ndáil le ceadúnais teilifíse a eisiúint. Déantar an táille a shocrú sa chéad áit trí idirbheartaíocht idir RTE agus An Post.

Mar thoradh ar éifeachtúlacht níos fearr atá curtha i bhfeidhm ag An Post in eisiúint na gceadúnas, tá an figiúr de £7.72 milliún don bhliain reatha níos lú ná an figiúr do 1998.

Barr
Roinn