Thug mé sonraí faoi líon na bpost lánaimseartha a cruthaíodh in aghaidh na bliana i ngach contae Gaeltachta sa thréimhse 1989 go 1998 i ngnóthais a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta san fhreagra ar Cheist Dála Uimh. 22 den 29 Aibreán 1999 agus dírím aird an Teachta ar an bhfreagra sin.
Rinne an tÚdarás dul chun cinn suntasach sa tréimhse deich mbliana sin maidir le fostaíocht a chruthú do mhuintir na Gaeltachta. Ag deireadh na bliana 1998 bhí 8,174 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,340 dhuine ag deireadh na bliana 1989.
Tugtar sonraí breise faoin bhfostaíocht sin, mar shampla, faoi na hearnálacha inar cruthaíodh na poist nua, foinsí fáis na fostaíochta, i dtuarascálacha bliantúla an Údaráis.