Tá an turasóireacht an-tábhachtach sa Ghaeltacht agus is dócha gurb í an Ghaeltacht ceann de na ceantair is túisce sa tír ar deineadh forbairt turasóireacht uirthi trí na coláistí Gaeilge.
De réir mar a thuigim tá tú ag rá go raibh cur-in-aghaidh ón Údarás maidir le córas foirmiúil comhoibrithe. Is é an dearcadh atá agamsa ná gurb é an rud go gcaithfimid breathnú air ná nach mbeadh dream foirmiúil i ndiaidh dream foirmiúil ag suí síos go rialta ag plé rudaí. Táim ag éirí buartha má leanaimid den nós atá ann comhchoiste mar seo a bhunú go rithfidh mé as feidhmeannaí le freastal ar na cruinnithe seo ar fad.
Is é an rud go gcaithfimid a dhéanamh ná leagan amach chomh soiléir agus is féidir cad iad na freagrachtaí a bheidh ar na heagrais éagsúla, trasnaíl a sheachaint agus ligint dóibh dul ar aghaidh ag obair iad féin.
Feiceann an tÚdarás go bhfuil an turasóireacht agus an turasóireacht cultúrtha fíor-thábhachtach do thodhchaí na Gaeltachta. Ó thaobh turasóireacht sa Ghaeltacht de sílim gurb é an rud is mó atá le déanamh againn ná féachaint chuige go mbeidh an teanga agus an cultúr lárnach in aon fhorbairt a dhéanfar. Scaití déantar neamh-aird ar seo nuair a bhíonn margaíocht á dhéanamh ar scála náisiúnta sa tír.