Trevor Sargent
Ceist:151 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbairt Tuaithe an bhfuil sé fíor nach gceadaítear úsáid ola cócaireachta atá caite in ábhar bia d'ainmhithe anois ón 1ú Lúnasa 1999; agus, má tá, cad a dhéanfaidh comhlachtaí a bhí ag bailiú an ábhair seo roimhe seo mar ní cheadaítear é a dhumpáil ach oiread ó mhí Eanáir 1996. [19110/99]