Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Teorainn na Gaeltachta.

Proinsias De Rossa

Ceist:

21 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta aici ar theorainn na Gaeltachta a thabhairt suas chun dáta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19136/99]

Tá breithniú leanúnach á dhéanamh agam ar na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tá Coiste bunaithe agam le fíordhéanaí, Coiste Comhairleach na nÓg, le comhairle a tabhairt dom maidir le todhchaí na Gaeltachta. Chomh maith le sin d'iarr mé ar an Lár-Oifig Staidrimh mionanailís a dhéanamh ar phatrúin teangeolaíochta na tíre, an Ghaeltacht san áireamh, bunaithe ar thorthaí Daonáirimh 1996. Úsáidfear an t-eolas sin chun críche bheartas teanga, ar a n-áirítear breithniú a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta.

Barr
Roinn