Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 28 agus Uimh. 41 le chéile.
Táim ag glacadh leis gur Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. D'íoc mo Roinnse £2.074m faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 1998. Choinnigh 730 teaghlaigh aitheanta sa Ghaeltacht foghlaimeoirí ar iostas faoin Scéim i 1998 agus meastar go mbeidh thart ar an líon céanna teaghlaigh i gceist i mbliana. Cé go bhfuiltear sásta go ginearálta leis an Scéim, cuirfear go mór le héifeacht na gColáistí nuair a chuirfear moltaí an Ghrúpa a rinne athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh i bhfeidhm. Tá súil agam cinnithe faoi na moltaí sin a dhéanamh go luath i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Méadaíodh an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh aitheanta faoin Scéim anuraidh agus níl aon chinneadh déanta maidir le méadú eile.