Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Oct 1999

Vol. 509 No. 1

Written Answers. - School Staffing.

Michael D. Higgins

Ceist:

332 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé í gceist aige ceadú a thabairt do phost cúntóra í scoil náisiúnta an Ghoirt Mhóir, Ros Muc, Contae na Gaillimhe. [19478/99]

Sa scoilbhliain 1997/98, bhi ioslion 25 dalta cláraithe de dhith ar scoil aon-oide sula mbeadh an scoil sin i dteildeal an dara múinteoir. Laghdaigh mé an figiúr sin chuig 18 don scoilbhliain 1998/99 agus chuig 14 don scoilbhliain 1999/2000.

Toisc go raibh 13 dalta cláraithe i scoil náisiúnta an Ghoirt Mhóir an 30 Mean Fómhair 1998, is priomhoide, agus sin amháin, atá ceadaithe mar fhoireann sa scoil don scoilbhliain 1999/2000. Dá bhrí sin, níl aon bhonn ann chun múinteoir breise a cheapadh chun na scoile don scoilbhliain reatha.

Ina theannta sin tá seirbhísí mhúinteoir feabhais agus mhúinteoir acmhainní ag an scoil.

Barr
Roinn