Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Oct 1999

Vol. 509 No. 3

Written Answers. - Iocaíochtaí Deontais.

Trevor Sargent

Ceist:

148 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé cinnte de go mbeidh deontais chothabhála ar aon leibhéal amach anseo le híocaíochtaí leasa shóisialaigh ar a laghad. [20203/99]

Is é an cur chuige atá agam i gcás deon- taisí cothaithe ná cloí leis an modh imeachta a bhí ann le blianta anuas, is é sin deontaisí cothaithe tríú leibhéal a mhéadú de réir an ráta boilscithe a bhunaítear ar athrú an Consumer Price Index ó lár Feabhra bliana amháin go lár Feabhra na bliana dar gcionn.

Mar a thuigfidh an Teachta, is gá pé feabhsú a déanfear ar na scéimeanna tacaíochta do mhic léinn a chur i gcomhthéacs bacanna ar acmhainní i gcoitinne agus brúanna eile sa chóras oideachais. Chuir mé in iúl cheana go bhfuil sé i gceist agam déileáil leis na haimhrialtachtí nó na hábhair frith-spreagúil is mó i scéim na ndeontas sar a thugaim faoi cheist ghinearálta leibhéal deontaisí agus teorainn ioncaim.

Sa chás, is é is túisce dom mar sprioc ná cloí leis an ngeallúint a tugadh sa Chlár Rialtais An Action Programme for the Millenniun tacaíocht ar bhonn cothrom a thabhairt do na mic léinn sin atá ag tabhairt faoi chúrsaí PLC. Tá cloíte agam leis na ngeallúint sin mar gur chuireas ar fáil scéim Deontaisí Cothaithe do mhic léinn atá i mbun chúrsai PLC ó 1998/99 amach.

D'fhógair mé freisin go bhfaigheadh gach mac léinn lan-fhásta a bheadh i dteidil a leithéid an ráta deontais frith-chongarach níos airde fós. Bhíos buartha ach go háirithe i dtaobh mic léinn lán-fhásta, agus iad siúd atá neamhspleách ach go háirithe, i gcomhthéacs an ráta deontais a íocfaí. Meastar go gcosnóidh an feabhsú seo £2.4m. as seo go ceann dhá bhliain.

Barr
Roinn