Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Oct 1999

Vol. 509 No. 3

Written Answers. - Cheapacháin Múinteoir.

John Gormley

Ceist:

53 D'fhiafraigh Mr. Gormley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gceadóidh sé múinteoir buan acmhainní i Scoil Íosa, Mullach Íde, an bhliain seo chugainn; agus an bhfuil a fhios aige go bhfuil tuismitheoirí daltaí disléicseacha fíorbhuíoch de as post sealadach a cheadú idir an dá linn. [20171/99]

Is ceist d'údaráis na scoile í ar an gcéad dul síos cinneadh a dhéanamh faoi phostanna teagaisc a líonadh go lánaimseartha.

Tá post achmainne sealadach ceadaithe don scoil seo don scoilbhliain reatha chun plé le daltaí le riachtanais speisialta foghlama atá ag freastal ar an scoil. Athbhreithneofar an scéal don scoilbhliain so chugainn.

Barr
Roinn