Dinny McGinley
Ceist:148 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di nach bhfuil fáil ar TG4 i gCill Charthaigh agus an bhfuil aon socruithe beartaithe chun an scéal a chur ina cheart.
Vol. 509 No. 5
148 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di nach bhfuil fáil ar TG4 i gCill Charthaigh agus an bhfuil aon socruithe beartaithe chun an scéal a chur ina cheart.
Baineann an cheist atá ardaithe ag an Teachta le gnáth-fhreagrachtaí Údarás RTE agus níl aon fheidhmh reachtúil agam sa chás.
Mar sin féin, tá mé sásta, i gcomhréir le sean-chleachtais, eolas atá faighte agam ó RTE, mar fhreagra ar cheisteanna sonracha a cuireadh orthu in ndáil le feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí chraolacháin náisiúnta RTE, a chur ar fáil don Teach.
Dheimhnigh RTE nach bhfuil fáil fós ar TG4 i gCill Charthaigh. Deir RTE go dtosnófar an próiseas le haghaidh ionad oiriúnach a fháil faoi cheann dhá míosa nó mar sin. Más rud é go bhfaighfear ionad oiriúnach, braithfear soláthar TG4 ar dheonú cead pleanála.