Trevor Sargent
Ceist:47 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Eachtracha cad atá á dhéanamh aige chun úsáid leanaí mar shaighdiúirí in airm áirithe ar fud an domhain a fhógairt agus a stopadh. [20688/99]
Vol. 509 No. 6
47 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Eachtracha cad atá á dhéanamh aige chun úsáid leanaí mar shaighdiúirí in airm áirithe ar fud an domhain a fhógairt agus a stopadh. [20688/99]
Cúis mhór imní dom an t-ábhar seo. Dá bhrí sin, tugaimse an-chuid tacaíochta do na hiarrachtaí idirnáisiúnta le stop a chur ar úsáid leanaí mar shaighdiúrí. Ón bhliain 1987, maraíodh níos mó ná 2 mhilliún leanbh i gcogaí éagsúla, agus gortaíodh go géar 6 mhilliún diobh. Inniu, tá 300,000 leanbh ag troid, agus iad páirteach i 36 chath ar fud an domhain.
Éire is ball den Group of Friends of the Special Representative. Is é aidhm an ghrúpa seo tacaíocht a thabhairt d'obair an special representative. Is ionann sin agus féachaint chuige go dtabharfar cosaint i gcóras na Náisiún Aontaithe do leanaí atá ag troid. Grúpa neamhfhoirmiúil an grúpa seo, agus ina measc tá 11 bhall de chuid an EU, chomh maith le Coimisiún an EU, Canada, Japan, Malaysia, India agus Kenya. Tugann an special representative an-chúram do chursaí sláinte agus oideachais.
Ar an 7 Deireadh Fómhair seo chaite, d'oscail mé comhthionól i mBaile Átha Cliath a chuir Pax Christi ar bun. B'é aidhm na h-ócáide sin béim a chur ar pháistí i gcoimhlint.