Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Nov 1999

Vol. 510 No. 1

Written Answers. - Cistíocht AE.

Trevor Sargent

Ceist:

82 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Fiontar Poiblí an bhfuil sí den tuairim go mbeidh £642 milliún ar fáil ag Iarnród Éireann do riachtanais infheistíochta don tréimhse 1999-03 nuair atá luaite ag an gcomhlacht nach mbeidh foinsí airgid don infheistíocht ar fáil acu ó lár na bliana 2000 ar aghaidh; agus cá bhfaighfear an t-airgead a bheidh de dhíth. [18681/99]

Clúdaíonn an t-suim de £642 milliún, £430.6 milliún le h-aghaidh sábháilteacht na n-iarnróid, £94.7 milliún do thograí geallta comh-airgidis EU atá le criochnú roimh deireadh 2000 agus £116.7 milliún le h-aghaidh tograí infheistíochta sna iarnóid.

Nuair a bhí feidhmiú an Chláir £430.6 milliún Sábháilteacht Iarnróid 1999-03 á cheadú, cheadaigh an Rialtas chomh maith sintiús bhliantiúil ó chiste an Rialtais ar feadh chúig mbliana. Chinn an Rialtas go mbeadh méid an t-sintiús le deimhniú chomh luath is a bheath scrudú neamhspleach criochnaithe ar an réimse ioncaim a ghinfaí ó fuilleach mhaoine CIE agus clár dhíolta maoine aontaithe. Tá socraithe airgidis le haghaidh na tograí comh-airgidis EU aontaithe cheanna féin, chomh maith le sintiús ó chiste an Stáit do 1999 agus 2000.

Tá moltaí le h-aghaidh infheistíocht sna tograí nua neamh-shábháilteachta don tréimhse go dtí 2006 á scrudú mar pháirt do riachtainisí straitéiseach iompair don tír go h-iomlán i gcomhtheasc ullmhúcháin don phlean fhorbartha náisiúnta. Déanfar cinneadh ar airgiú dóibh sa chomhtheasc sin.
Barr
Roinn