John Gormley
Ceist:30 D'fhiafraigh Mr. Gormley den Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe an aontaíonn sé go mbeidh an clú atá ar ghlaise agus sláintiúlacht bhia na hÉireann i mbaol má cheadaítear do Theagasc trialacha páirce a reachtáil ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe, go mór mór nuair a fheictear Aire Stáit na Roinne sna meáin chumarsáide ag seoladh táirge de chuid an chomhlachta chonspóidigh Monsanto. [20368/99]