Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Nov 1999

Vol. 511 No. 3

Written Answers. - Fostaíochta Tionscail.

Dinny McGinley

Ceist:

295 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ann le tionscail a bhunú ar Oileán Árainn Mhór le foslaíocht a chur ar fáil do bhunadh an oileáin sin. [24564/99]

Tá Údarás na Gaeltachta ag leanúint dá chuid oibre atá ar siúl thar na blianta chun deiseanna forbartha agus fostaíochta a chur chun cinn in Árainn Mhór agus i gcomhairle le pobal an oileáin de réir mar is cuí. Tá baile saoire tógtha ann le cúpla bliain anuas agus tá an-éileamh ar na tithe saoire ann. Níos túisce i mbliana d'aontaigh an tÚdarás talamh a cheannach ó Chomharchumann Oileán Árainn Mhór Teo chun ionad fiontraíochta a thógáil. Tá socruithe maidir le cead pleanála agus aistriú na talún á gcur i gcrích d'fhonn dul ar aghaidh leis an tionscadal sin. Táthar ag súil ansin go gcuideoidh an t-ionad sin le tionscail nua a fhorbairt a bheidh in oiriúint don oileán, do na hacmhainní atá ann agus do na deiseanna gnó a bheidh ar fáil.

Mar is ceart i gcás aon cheantair den chineál seo, tá béim á cur ar acmhainní nádúrtha a fhorbairt, mar shampla acmhainní mara.

296. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ann le réamh-mhonarchana nó tionscail a bhunú i gceantar Leitir Mhic an Bhaird agus Dubhchorraidh i nDún na nGall. [24565/99]

Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú le Coiste Pobail sa cheantar le plean a chur le chéile maidir le háiseanna pobail agus ionad fiontair. Tá dul chun cinn á dhéanamh leis an bplean agus tá talamh aitheanta a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach dá leithéid d'fhorbairt. Tá dóchas ann go mbeidh an staidéar críochnaithe go luath sa bhliain 2000.

Leanfaidh an tÚdarás freisin ag tacú le haon deiseanna forbartha gnó agus fostaíochta eile a bheidh oiriúnach don cheantar a thiocfaidh chun cinn.

Barr
Roinn