Trevor Sargent
Ceist:403 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil eolas aige ar thaighde ó Ollscoil Luimnigh (sonraí tugtha) a deireann go gcuireann easpa gníomhaíochta fisiciúla isteach ar shláinte 40% de leanaí na tíre seo ar aois cúig go dtí a deich; cén ról a bhíonn aige áiseanna súgartha a sholáthar; agus an é féin atá freagrach as forbairt leanaí i gcoitinne. [24578/99]