Cuireann Rialachán urn an Acht Deochanna Meisciúla, 1988 (Aoischirta), 1999 (I.R.Uimhir 4 de 1999) córas náisiúnta aoischárta deonach ar fáil, chun go féidir le h-aon duine a bhfuil ocht mbliana déag d'aois sroiste acu, iarratas a chuir chuig staisiún na ngardaí aitiúil le haghaidh aoischárta, le cruthú go bhfuil an aois dlithiúil chun deochanna a cheannacht sroiste acu. Tháinig na rialacháin seo i bhfeidhm ar an 19 Aibreán, 1999.
Is cúram é do rannóg caidrimh phoiblí, An Garda Síochána, i gCearnóg Fhearchair, faoi na Rialacháin, na cartaí a eisiúint agus tar éis a bheith i dteagmháil le húdaráis na ngardaí tá mo Roinn ag lorg ceadú ón Roinn Airgeadais chun foireann breise sonraithe a cur ar fáil chun an tasc a chur i gcríoch. Tá brú á chur ag mo Roinn ar an achainní práinneach seo. Idir an dá linn tá údarás na ngardaí ag eisiúint na cartaí trí bíall amhain den bhfoireann a athdhaileadh go sealadach agus le ragobair chomh maith.