Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 Nov 1999

Vol. 511 No. 4

Written Answers. - Teorainn Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

101 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ina Roinn le leathnú a dhéanamh ar theorainneacha na gaeltachta agus, go speisialta, baile na nGleanntach, Dún na nGall, a thabhairt isteach sa ghaeltacht. [24717/99]

Tá breithniú leanúnach á dhéanamh agam ar na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin d'iarr mé ar an Lár-Oifig Staidrimh mionanailís a dhéanamh ar phatrúin teangeolaíochta na tíre, an Ghaeltacht san áireamh, bunaithe ar thorthaí Daonáirimh 1996. Úsáidfear an t-eolas sin chun críche bheartas teanga, ar a n-áirítear breithniú a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta i gcoitinne Na Gleannta san áireamh. Ní mór a sholéiriú áfach go mbeidh aon athrú a mholfar ar theorainneacha na Gaeltachta bunaithe air chritéir teangeolaíochta.

Barr
Roinn