Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Dec 1999

Vol. 512 No. 1

Written Answers. - Lóistíní Ollscoile.

Trevor Sargent

Ceist:

72 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén plean atá aige deis a thabhairt do scoláirí tríú leibhéal fanacht ar láthair na hinstitiúide oideachais nuair a bhíonn lóistín mar seo ar fáil ag 26 faoin gcéad de scoláirí an Aontais Eorpaigh ach nach mbíonn ach sé faoin gcéad de scoláirí na tíre seo i lóistín den saghas sin. [25168/99]

Tá soláthar cóiríochta ar-champas le haghaidh mic léinn triú leibhéal ar siúl an t-am go léir agus ar an gcéad dul síos is gnó go príomha é do na húdaráis um institiúidí oideachasúla.

Mar sin féin, is eol dom an t-éileamh éifeachtach atá ann sa limistéar seo agus ba mhaith liom aire an Teachta a dhíriú ar Mhír 50 den Acht Airgeadais 1999. Faoin reachtaíocht sin, tá faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh cóiríochta cónaithe ar cíos san earnáil triú leibhéal. Is iad na sealúchais atá cáilithe chun faoiseamh a fháil ná na limistéir atá faofa ag institiúid oideachasúil intofa atá ar-champas nó taobh istigh de fhad slí 8km den phríomhchampas. Tá roinnt forbróirí ann cheana féin a rinne túsfiosrúcháin nó a chuir iarratais isteach chuig institiúidí oideachasúla maidir lena leithéid d'fhorbairtí agus ag an bpointe seo tá ceadú faighte ag a leithéid sin de cheithre iarratas ó na hinstitiúidí atá í gceist. De bhrí go mbeidh faoiseamh ar fail faoin reachtaíocht le haghaidh cibé caiteachais a dhéantar suas chomh fada le 31 Márta 2003, tá an deis ann cóiríocht éifeachtach sa bhreis a chur ar fáil do mhic léinn triú leibhéal.

Barr
Roinn