Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 85, 109, 112 le céile.
Cé nach gcuirfinn i gcoinne vótaíocht a reachtáil Dé Sathairn, ní fheictear dom go mbeadh éifeacht mhór ag vótaíocht dheiridh sheachtaine ar an líon vótálaithe. Roimhe seo reachtáladh vótaíocht gach lá ó Mháirt go Satharn, gan aon treocht inaithinte ó lá go lá i líon méadaithe vótálaithe. Sula ndéanfaí vótaíocht a aistriú go dtí an deireadh seachtaine, bheadh machnamh aireach de dhíth ar réimse cúrsaí, ina measc iomaíocht le himeachtaí spóirt; deacrachtaí teacht ar fhoireann toghcháin; méadú ar na costais fhoirne; an líon mór daoine a bhíonn ag obair sa tionscail séirbhíse ag an deireadh seachtaine anois; daoine a bheith as baile; agus deacrachtaí ar chúiseanna reiligiúin. Ní miste dom a lua go bhfuil sé deimhnithe ag na mór-chreidimh go mbeadh deacrachtaí dáiríre acu i dtaobh vótaíochta Dé Domhnaigh.
Gach rud san áireamh, ní léir go mbeadh deis vótála ag a thuilleadh daoine dá reachtálfaí toghcháin agus reifrinn Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh. Is í an bhunfhadhb maidir le ceist an lín vótálaithe ná gur dócha, má dhéantar iarracht socrú a dhéanamh do ghrúpa vótálaithe faoi leith agus lá áirithe vótaíochta á roghnú, go gcuirfidh an socrú sin as do ghrúpa eile. Dá ainneoin sin, coimeádfaidh mé an cheist seo faoi bhráid, agus idir na roghanna a bheidh i gceist beidh an rogha toghcháin a reachtáil ar feadh tréimhse dhá lá, Satharn nó Domhnach san áireamh.