Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 2000

Vol. 515 No. 5

Other Questions. - Bord na Gaeilge.

Proinsias De Rossa

Ceist:

8 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair dheireanach a bhuail sí le Bord na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6310/00]

Bhuail mé le Bord na Gaeilge go foirmiúil ag cruinniú den Bhord ar 12 Nollaig 1997.

Mar is eol don Teachta tháinig an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, i bhfeidhm méanoíche 1 Nollaig 1999 rud a chiallaíonn go bhfuil Bord na Gaeilge díscaoilte agus go bhfuil an tAcht um Bord na Gaeilge, 1978, aisghairmthe. Thánig an Foras Teanga i bhfeidhm ar 2 Nollaig 1999 agus bhí mé i láthair ag ócáid a bhunaithe ar 11 Feabhra 2000 i mBéal Feirste.

Ós rud é nach bhfuil cúrsaí ag dul ar aghaidh anois mar a bhí súil leo, nach bhfuil sé in am don Aire Stáit dul i mbun cainte le Bord na Gaeilge agus teacht ar scéimeanna a bheadh oiriúnach do staid na Gaeilge ar fud na tíre, sé sin go bhfuil sé ag dul i léig? Tá súil againn go léir go mbeidh aontú nua sa Tuaisceart ach níl aon rian ann anois go dtarlóidh sé sin. Idir an dá linn cad a bheidh á dhéanamh ag an Aire Stáit. An bhfuil sé ar aigne aige dul chun cainte leis an mBord?

Níl an Bord ann níos mó.

Cad tá ann anois?

Tá an Foras Tras-Teorann ann agus mar a thuigfeá faoin reachtaíocht a bhaineann leis an bhForas is é an dá Aire atá ag feidhmiú le chéile. Sa staid polaitíochta atá ann i láthair na huaire ba dhearmad mór d'Aire ó dheas feidhmiú as féin glan in aghaidh socruithe maidir leis an bhForas. Tá áiféala ormsa agus ar go leor eile sa tír seo nach bhfuil an Comhaontú ag obair faoi láthair ach ba dhíchéillí an rud é, an fhaid is atá daoine ag iarraidh an Comhaontú agus na hInstitiúidí a chur ag obair arís mar a bhí siad, rud ar bith a dhéanamh a bhreathnódh go raibh sé ag cur as don socrú sin.

Mar sin, tá deis ag an bhForas Teanga feidhmiú leo mar atá faoi cheannas feidhmeanachais atá thar a bheith éifeachtach. Le cúnamh Dé ní fada go mbeidh an Foras Tras-Teorann mar a bhí beartaithe leis an dá Aire, in ann dul i mbun gnótha arís go hiomlán. Idir an dá linn is fearr ligint do rudaí mar atá siad.

Tá an t-am thart.

Aontaím leis an Aire Stáit agus tá súil againn go léir go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí. Ach muna dtagann feabhas ar an scéal an bhfuil sé ciallmhar gan scéim a chur in a áit agus pleananna a chur chun cinn ar son na Gaeilge – sé sin muna mbeidh ar ár gcumas ón taobh seo nó ón taobh ó thuaidh an Foras a bhrú chun cinn?

Sa chás go dteipfeadh ar an Chomhaontú – agus níor mhaith liom smaoineamh go dtárlódh sé sin – agus nach raibh i gceist dul ar aghaidh leis na Forais a bunaíodh, caithfear réiteach a dhéanamh agus d'fhéadfadh sé go mbeadh reachtaíocht breise nó reachtaíocht nua i gceist. Nó b'fhéidir, mar a deineadh nuair a bunaíodh Bord na Gaeilge , nach mbeadh reachtaíocht i gceist. Idir an dá linn, ar mhaithe le chuile dhuine ar an oileán seo, b'fhearr a bheith beagáinín foighdeach. Is ceist i bhfad níos mó í ná ceist teanga amháin. Idir an dá linn tá airgead agus deis ag an bhfeidmeachas sa bhForas Teanga dul ar aghaidh leis an chlár oibre a bhí acu. Ní maith liom, ó thaobh na Gaeilge de, go bhfuil an staid éiginnte seo ann. Tá sé ag cur siar rudaí ar mhaith liom a bheith déanta ach ar son an iomláin is é an polasaí is fearr do chuile dhuine i láthair na huaire ná fanacht go fóilleach beag. Sa chás go dteipfidh air beidh orainn, ar ndóigh, socruithe nua a dhéanamh. Níor mhaith liom smaoineamh gur mar sin a bheidh.

Ceist a naoí.

Barr
Roinn