Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 2000

Vol. 515 No. 5

Written Answers. - Tionscail agus Fostaíochta Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

43 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna aici le réamh-mhonarchana a thógáil nó fostaíocht a chruthú i gceantar na Gaeltachta Láir i nDún na nGall. [6341/00]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 147 ar 20 Deireadh Fómhair 1999, ar Cheist Uimh 180 ar 14 Deireadh Fómhair 1998, ar Cheist Uimh 135 ar 18 Meitheamh 1998 agus ar Cheist Uimh 114 ar 4 Feabhra 1998 maidir leis an ábhar céanna.

Tuigtear dom ón údarás go bhfuil an túdarás ag obair go dícheallach i gcónaí chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar; gur tháinig méadú arís i 1999 ar an bhfostaíocht lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón údarás; agus chomh maith leis an ionad fiontar atá beartaithe do Bhaile na Finne, go bhfuil an túdarás i mbun comhráite maidir le monarcha ar leith do thogra ar leith i gCeantar an Chlocháin/an Bhrocaigh, nó muna dtéann sé sin ar aghaidh, réamhionad a thógáil ann.

Barr
Roinn