Sa scoilbhliain 1997-98, bhí íoschlárú de 25 dalta ag teastáil ó scoileanna aon oide sula bhféadfaí an dara post múinteoireachta a fhaomhadh. Ó 1 Méan Fómhair 1998, laghdaigh an Rialtas seo an uimhir cheapacháin sin chuig 18. Ina theannta sin, sa scoilbhliain 1997-98 ba é 23 an uimhir choinneála le haghaidh an dara post múinteoireachta a aistharraingt. Laghdaíodh an uimhir sin go 18 ó 1 Meán Fómhair 1998.
Sa scoilbhliain 1999-2000 agus an Rialtas ag leanúint ag comhlíonadh a dtiomantachta do scoileanna aon oide mar atá leagtha amach sa Chlár Gnímh don Mhílaois, laghdaigh sé an uimhir chláraithe is gá chun an dara múinteoir a cheapadh agus a choinneáil go 14 dalta.
Tá cainteanna ar súil faoi láthair le húdaráis bhainistíochta bunscoileanna agus leis an INTO faoin sceideal foirne don scoilbhliain 2000-01. Tá laghdú breise sna figiúirí ceapacháin agus coinneála don dara múinteoir á mheas i gcomhthéacs na gcainteanna sin.