Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Apr 2000

Vol. 518 No. 1

Priority Questions. - Seachtain na Gaeilge.

Enda Kenny

Ceist:

36 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén tuarascáil atá aici óna Roinn faoi láimhseáil agus comóradh Sheachtain na Gaeilge ó thaobh na Ranna Stáit de agus an chaoi a raibh an comóradh aici féin agus ag an Aire Stáit; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10981/00]

Níl aon fheidhm ag mo Roinnse maidir le láimhseáil agus comóradh Sheachtain na Gaeilge ag na Ranna Stáit nó ag Tithe an Oireachtais. D'aithin mo Roinnse féin tábhacht na Seachtaine agus le dhá bhliain anuas tugadh cúnamh airgid ar leith do Chonradh na Gaeilge chun Seachtain na Gaeilge a eagrú. I 1999 thug mé deontas speisialta de £17,000 don Chonradh le haghaidh chostais na Seachtaine. D'éirigh go han-mhaith le Seachtain na Gaeilge 1999, agus dá chomhartha sin cheadaigh mé deontas speisialta de £35,000 don Chonradh i mbliana don ócáid. D'fhostaigh an Conradh oifigeach tionscnaimh chun imeachtaí na Seachtaine a leathnú, chun na gníomhaíochtaí a phoibliú agus a chomhórdú níos fearr agus chun cabhair a thabhairt d'eagrais eile, scoileanna ina measc, le himeachtaí a ullmhú.

Tuigtear dom ó RTÉ gur sholáthraigh siad fógraíocht saor in aisce le Seachtain na Gaeilge a chur chun cinn agus gur ghríosaigh siad a gcuid léiritheoirí leanúnachais frásaí Gaeilge a úsáid agus cláir á gcur i láthair acu.

Tá mé buíoch den Aire Stáit as ucht an fhreagra a thug sé dúinn. Ó thaobh Seachtain na Gaeilge agus ó thaobh na Ranna Stáit agus an Rialtais de, an raibh comóradh taobh istigh de Sheachtain na Gaeilge ag an Rialtas? An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil iarracht faoi leith á dhéanamh againn anseo, ag Teachtaí ó chuile pháirtí, an Ghaeilge a labhairt, ceisteanna a chur síos as Gaeilge, na meastacháin a phlé as Gaeilge agus mar sin de?

Nach bhfuil sé náireach agus nach masla mór é don teanga nach bhfuil ach fíor-bheagán suim ag na meáin chumarsáide náisiúnta i gcoitinne sa Ghaeilge agus in imeachtaí na Gaeilge nó as Gaeilge istigh anseo? An bhfuil plean ar bith aige mar Aire Stáit chun rud éigin a dhéanamh faoi sin? Taobh istigh den cheist seo tá ceist don Aire í féin, sé sin don Aire Síle de Valera, cén chaoi atá ag éirí léi sna ranganna Gaeilge a thosaigh sí dhá bhliain ó shin? An bhfuil sí ag freastal ar na ranganna go fóill?

Sin ceist eile.

Ní ceist eile í. Tá sí taobh istigh den cheist, "an chaoi a raibh an comóradh aici féin agus an Aire Stáit".

Mar is eol don Teachta sé an chaoi go hiondúil ná go dtugtar tacaíocht do a leithéid de sheachtainí, a bhíonn á reachtáil de ghnáth ag an earnáil dheonach, tré airgead a chur ar fáil dóibh. Maidir leis an Ghaeilge taobh istigh den Oireachtas, níl aon fhreagracht ag mo Roinnse i dtaobh na ceiste sin. Is ceist í go hiomlán don Oireachtas féin agus do na coistí cuí. Mar a chéile ó thaobh cúrsaí an Tí seo a chraoladh, tá coiste ag an Teach seo maidir leis sin agus ní bheadh sé ceart domsa a rá leis an choiste sin cén chaoi le rudaí a dhéanamh. Go ginearálta is údar díomá domsa agus don Aire a laghad clúdach a thugtar sna meáin i gcoitinne do imeachtaí a reachtáiltear tré Ghaeilge sa Teach seo.

Is minic a chuirtear ceist orm cén fáth nach n-úsáidtear níos mó Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Bíonn íontas ar dhaoine go n-úsáidtear an oiread sin Gaeilge mar ní bhíonn sí le feiceáil nó le cloisteáil nó le léamh sna páipéir nuachta. Ach mar a thuigeann an Teachta níl aon neart agamsa ar sin.

Maidir leis an Aire, tá mé in ann a dheimhniú don Teachta go bhfuil dalladh Gaeilge ag an Aire.

Tá mé buíoch den Aire Stáit ach b'fhéidir go dtabharfadh an tAire féin an freagra sin dúinn. Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil an tAire féin ag déanamh na ranganna Gaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh go geal léi leis na ranganna sin. Níl sé chomh deacair is a cheapann daoine.

Bhí an Cumann Lúthchleas Gael istigh inné leis an Comhchoiste Oidhreachta agus Gaeilge agus tá plean iontach leagtha amach acu chun an Ghaeilge a spreagadh thart timpeall na tíre ar fad i chuile áit den saol. Tá súil agam nuair a thiocfaidh siad chun an Rialtais go dtabharfaidh siad tacaíocht de shaghas éigin dóibh chun sin a dhéanamh – sé sin chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a láidriú.

Barr
Roinn