Tá suim ar leith agam sa cheist seo a mbaineann gnéithe soláthair, costais, seirbhísí agus sochtheangeolaíochta leí. Tá roinnt plé déanta agam le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an ról a d'fhéadfadh a bheith aige i soláthar suíomh tithíochta agus tá Bille Tithíochta á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair a leasóidh na scéimeanna tithíochta Gaeltachta atá faoi chúram na Roinne chun freastal níos fearr ar riachtanais tithíochta mhuintir na Gaeltachta.
Maidir leis an ngaol idir an tÚdarás agus na Comhairlí Contae i dtaca leis an ábhar, tuigim go raibh comhoibriú cheana féin idir na Comhairlí Contae agus an tÚdarás le blianta beaga anuas i dtaca le suíomh a chur ar fáil ón bhfarasbarr beag talún a bhí ag an Údarás.
Ag féachaint do na deacrachtaí ar leith atá ann ar fud na tíre i dtaobh ganntanas agus costas tithíochta rud atá ag cur isteach go mór ar mhuintir na Gaeltachta beidh mé ag leanúint le hiarrachtaí i gcomhar leis an Údarás chun teacht ar bhealaí éifeachtacha chun na deacrachtaí a shárú ar shlí a chuirfidh le chur chun cinn na Gaeltachta mar Ghaeltacht.