Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile chun sásraí réitigh coinbhleachta neamh-chúirt-bhunaithe chun déileáil le gearáin maidir leis na meáin a phlé

16 Ean 2024, 13:28

Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile Dé Céadaoin an 17 Eanáir 2024 ar 1.30 p.m. chun sásraí réitigh coinbhleachta neamh-chúirt-bhunaithe chun déileáil le gearáin maidir leis na meáin a phlé i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean.

Cloisfidh an cruinniú ionadaithe uathu seo a leanas:

  • Local Ireland
  • NewsBrands Ireland
  • Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí
  • Comhairle Preasa na hÉireann agus Oifig an Ombudsman Preasa
  • Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann TD “Beidh deis ag an gCoiste ag ár gcruinniú amárach plé a dhéanamh leis na comhlachtaí sin a ndéanann na sásraí réitigh coinbhleachta atá i bhfeidhm i láthair na huaire chun déileáil le gearáin maidir leis na meáin difear dóibh. Tugaimid dár n-aire gur mhol ár gcomhleacaithe ar an gComhchoiste um Dhlí agus Ceart trína Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) go ndéanfaí breithniú ar scrúdú mór-dhíobhála a thabhairt isteach le haghaidh gach cáis clúmhillte.

Tá ár gCoiste tiomanta le tamall do shaor-phreas in Éirinn agus don chéanna a spreagadh agus a chur chun cinn. Is eol dúinn a thábhachtaí atá an preas ó thaobh fheidhmiú an daonlathais agus shochaí na hÉireann agus táimid tar éis cruinnithe a thionól ar shaincheisteanna fad-réimse a bhaineann le todhchaí na meán uile le leas-sealbhóirí éagsúla as gach cearn den tíre.

Tá sé beartaithe againn léiriú soiléir a fháil ó na hionadaithe a bheidh i láthair amárach ar chúrsaí mar atá faoi láthair agus ar na hathruithe ar mhaith leo go gcuirfí i bhfeidhm iad.

Is féidir an cruinniú ar 1.30 p.m. a fheiceáil beo ar Oireachtas TV

Léigh tuilleadh faoi obair an Chomhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn