Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Apr 2000

Vol. 518 No. 3

Written Answers. - Tithíocht do Mhic Leínn.

Trevor Sargent

Ceist:

331 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil machnamh déanta aige ar an moladh ó Aontas na Mac Léinn comharchumainn tithíochta a bhunú faoi chúram Aontas na Mac Léinn le deontais ón Stát mar faoi láthair is féidir le dream a thógann tithíocht do mhic léinn í a dhíol le daoine eile tar éis deich mbliana. [11793/00]

Is é an aidhm a bhí le mír 50 den Acht Airgeadais 1999 ná chun faoiseamh a thabhairt do chuid den bhrú soláthair a bhí ann ar chóiríocht mac léinn trí scéimh fhaoiseamh chánach a thionscnamh le haghaidh chóiríocht chónaitheach a chur ar fáil ar chíos don earnáil tríú leibhéal.

Faoi fhorálacha an Achta tá an deis ann anois cóiríocht éifeachtach sa bhreis do mhic léinn tríú leibhéal a sholáthar agus dá bhrí sin níl sé ar intinn agam mo ladhar a chur isteach sa ghnó ag an bpointe seo.
Barr
Roinn