Trevor Sargent
Ceist:101 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé de chead i scoil ar bith bolscaireacht ó chomhlachtaí Éireannacha agus iasachta a úsáid ar mhaithe le fógraíocht ar lámh amháin agus ar mhaithe le háiseanna a fháil don scoil ag an am céanna; agus cad iad rialacha na Roinne i dtaobh na gcleasanna seo. [11806/00]