Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - Proposed Legislation.

Eamon Gilmore

Ceist:

46 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén t-agallamh a bhí aici leis an Roinn Fiontar Poiblí maidir leis an mBille um Thráchtáil Leictreonach, 2000 agus maidir leis an mBille um Chomhionannas Teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [15321/00]

Proinsias De Rossa

Ceist:

49 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta leis an mBille um Chomhionannas Teanga, an bhfuil comhoibriú sásúil ag teacht ó na Ranna Stáit éagsúla agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [15324/00]

Trevor Sargent

Ceist:

146 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an scéal maidir le Bille na Gaeilge mar tá go leor daoine le Gaeilge ar a lorg le fada. [15069/00]

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 237 den 5 Aibreán. Mar a mhínigh mé san fhreagra sin scaipeadh dréacht mheabhrán don Rialtas maidir leis an mBille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ar gach Roinn ar 16 Márta le haghaidh a gcuid dtuairimí. Is é cuspóir an mheabhráin sin ná cead an Rialtais a lorg chun scéim ghinearálta den Bhille a dhréachtú bunaithe ar mholtaí an Aire maidir le scóip an Bhille. Tá tuairimí formhór na ranna faighte anois agus tá breithniú á dhéanamh ar na tuairimí sin. Táthar ag súil le tuairimí na ranna eile go luath. Cuirfear an meabhrán os comhair an Rialtais go tapaidh ina dhiaidh sin. Ach cead an Rialtais a bheith faighte tabharfar faoin dréachtScéim a ullmhú le hintinn í a chur faoi bhráid an Rialtais san Fhómhar agus an Bhille a bheith foilsithe faoi dheireadh na bliana.
Maidir leis an mBille um Thráchtáil Leictreonach lorgaíodh tuairimí ó mo Roinnse ina leith sa ghnáthshlí agus cuireadh an méid a bhí le rá againn in iúl don Aire Fiontair Poiblí.
Barr
Roinn