Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - An Foras Teanga.

Donal Carey

Ceist:

52 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad cruinniú a bhí ag an bhForas Teanga; cé na daoine a d'fhreastail ar gach ceann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina dtaobh. [15343/00]

Bhí cruinniú amháin den Fhoras Teanga ar 11 Feabhra. Bhí cruinnithe ar leith den Áisínteacht Ghaeilge agus den Áisínteacht Ultais den Fhoras ar an lá céanna. Bhí an dara cruinniú den Áisínteacht Ghaeilge inné, 30 Bealtaine, agus gach ball i láthair seachas beirt.

D'fhreastail comhaltaí uile an fhorais ar chruinniú an fhorais agus comhaltaí uile an dá Áisínteacht ar a gcuid cruinnithe féin.

Barr
Roinn