Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Jun 2000

Vol. 520 No. 5

Written Answers. - Comhairle Oideachais Gaeltachta.

Brian O'Shea

Ceist:

84 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a chuirfidh sé an Chomhairle Oideachais Gaeltachta/Gaelscolaíochta ar bun atá geallta in Alt 31 den Bhille Oideachais 1998; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [14059/00]

Tá soláthar san Acht Oideachais 1998 le haghaidh fráma tagartha dhá bhliain chun tús a chur le gach mír den Acht. Tosaíodh ar mhír 31 den Acht a dhéanann soláthar do bhunú comhlachta chun comhairle a chur maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge i mí na Nollag seo caite. Tá fúm an comhlacht seo a bhunú go han-luath. Tá mo Roinnse ag ullmhú plécháipéise ar chomhdhéanamh an chomhlachta faoi láthair. Táim ag tnúth leis an bplécháipéis seo a scaipeadh i measc dreamanna leasmhara lena dtuairimí a fháil. Is é atá ar intinn agam go mbeadh an comhlacht ionadaíoch díobh siúd uile atá bainteach le hoideachas na Gaeilge, idir lucht teagaisc trí mheán na Gaeilge agus lucht múinte na teanga féin.

Tá sé ar intinn agam, a luaithe a bheidh an phlécháipéis seo scaipthe agus machnamh ceart caite le pé tuairimí agus aighneachtaí a gheofar, féachaint leis an gcomhlacht a bhunú go réasúnta luath.

Barr
Roinn