Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht i mí Aibreáin 2000 chun moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáththeanga phobal na Gaeltachta. Tá cóip de Théarmaí Tagartha an Choimisiúin curtha timpeall sa Tuairisc Oifigiúil mar chuid den fhreagra ar Cheist Uimh 87 den 12 Aibreán 2000. Tuigim ó Chathaoirleach an Choimisiúin go bhfuil: obair an Choimisiúin ag dul ar aghaidh go sásúil; go leor eolais le bailiú ag an gCoimisiún ar dtús agus gur gá ainilís a dhéanamh ar an eolas sin ansin; go bhfuil an próiseas sin tosaithe cheana féin agus go bhfuil cuimse mhaith aighneachtaí faighte ón bpobal; go mbeidh cruinnithe poiblí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di go luath chun obair an Choimisiúin a phlé agus chun tuairimí agus moltaí an phobail a fháil; agus go dtógfaidh sé níos mó ná bliain (an spriocdáta a luadh nuair a ceapadh an Coimisiún) chun obair an Choimisiúin a chur i gcrích go hiomlán.
Tá súil agam go n-aontóidh an Teachta liom gur fearr an obair thábhachtach a dhéanamh go críochnúil fiú má théann sé taobh amuigh den sprioc-ama a bhí leagtha síos ag an tús. Mar sin b'fhearr liom gan dáta sonrach a lua ag an bpointe seo do thuarascáil ón gcoimisiún.