Tá ceist an-bhunúsach ardaithe ag an Teachta, sé sin cé leagfaidh síos an caighdeán scríofa agus an caighdeán labhartha. Ceist í sin atá á scrúdú agam i láthair na huaire mar tagann sé i gceist leis an mBille Teanga. Má táimid ag dul cáipéis ar fáil trí Ghaeilge, caithfimid a shocrú cén cineál Gaeilge a bheas ann. Caithfimid a bheith cúramach go mbeidh caighdeán solúbtha ann a thabharfaidh saoirse ag na canúintí fad atá siad dílis don traidisiún feidhmiú taobh istigh de na canúintí. Mar shampla tá brí éagsúil iomlán ag muintir Thír Chonaill le "galánta" agus atá ag muintir Chonamara. Is deas an rud a bheith galánta i dTír Chonaill ach ní deas an rud é i gConamara. Úsáidtear an focal "beirt" i ndhá chomhthéacs éagsúil ar fad i dTír Chonaill agus i gConamara. Ní drochrud é sin.
Tá, áfach, nósanna teanga ag teacht isteach atá glan in aghaidh aon chaighdeán Gaeilge a bhí ann ariamh, mar shampla ‘t' a úsáid roimh ghuta – an Aire in ionad an tAire. Tá sé sin mícheart agus ní luíonn sé le haon chanúint. Caithfimid caighdeán a leagadh síos agus féachaint chuige go gcloítear go hoifigiúil leis ag dreamanna atá ag plé leis an nGaeilge go gairmiúil.
Chuige sin ní mór go mbeadh údarás agus cúram ar dhream éigin bheith i mbun an chaighdeáin. Cheana féin tá ceist téarmaíochta agus foclóireachta leagtha ar an bhForas Teanga agus b'fhéidir go luíonn sé le réasún go leagfaí ceist an chaighdeáin orthu freisin. Táim á scrúdú, is gá é a dhéanamh agus nuair atá sé aontaithe bheadh dream éigin ar nós an raidió nó ar nós na teilifíse a mbeidh sé de chúram orthu cloí leis sin agus é a chur i láthair an phobail agus nós ceart labhartha a chothú i measc an phobail. Ba é an trua é an Ghaeilge a mhilleadh. Is teanga an-bhreá í agus ba é an peaca í a mhilleadh trí ligean don chaighdeán sleamhnú. Ní ghlacfaimid leis sa Bhéarla nó sa bhFraincis agus cén fáth a nglacfaimis leis sa Ghaeilge?